Email | Contacts | Home | RSS
Accessibility & User Preferences | Disclaimer | Privacy |
You are here » Home » Corplá creidimh Fine Gael

Corplá creidimh Fine Gael


Is Páirtí é Fine Gael don lár ionad forásach
Is é sin le rá go gníomhaimid ar bhealach atá feiliúnach do Éirinn, gan beann ar Dogma nó idé - eolaíocht. Bunaíonn Fine Gael a chuid polasaithe agus smaointe do thodhchaí na hÉireann ar a chorplár creidimh.

Deis Cothroime
Tá sé de chuspóir ag Fine Gael sochaí mhacánta airdeallach a chruthú. Áit a bhfuil gach duine páirteach sa daonlathas agus áit nach bhfuil aon bhac ar dheis cothroime. Seasann Fine Gael d'infheistíocht in ár seirbhisí poiblí agus féachaimid ar shláinte agus oideachas mar chearta ní mar phribhleidí.

Fiontar agus luaíocht
Spreagann Fine Gael tionsnamh, nualaíocht, infheistíocht agus féin-mhuinín. Creideann an pairtí go bhfuil sé tabhacht an rathúnas a chóthú, a roinnt agus a mhéadú. Seasann Fine Gael d'eacamaíocht atá láidir agus iomaíoch. Creidimid gur ceart polasaí an rialtais, spreagadh a thabhairt do tionscnamh, agus luaíocht a thabhairt d'obair chrua, de thoradh ag tiomaint gníomhaíocht gheilleagrach agus ag cruthú post nua.

Sábháilteacht
Tá Fine Gael ag iarraidh sochaí shábháilte a chruthú in Éirinn trína cuid saoránach a chosaint agus tríd an dlí a chur i bhfeidhm. Tuigeann an páirtí, freisin, tábhacht teaghlaigh i ngach cruth nuaaimseartha a neartú agus comhphobal a chothú. Seasann Fine Gael don dlí agus an tsíocháin. Creidimid i bpionós níos láidre do coireanna agus níos mó gardaí a chur ar na sráideanna, ag an am céanna ag dul i ngleic le príomhchúiseanna cóiriúlachta mar aon le bochtaineacht agus míbhuntáiste oideachais.

Macántacht
Creideann Fine Gael go gcaithfimid a bheith ionraic agus misniúil i ngach gnó agus go gcaithfimid cearta agus freagrachtaí na ndaoine a chothú. Seasann Fine Gael d'ionracas an tsaoil phoiblí. Creidimid go gcaithfidh gach duine a dhulgais a dhéanamh chomh maith le taithneamh a bhaint as ár gcearta mar mhná agus fir na hÉireann.

Dóchas
Tá Fine Gael ag iarraidh Éire uailleach a chruthú. Ba mhaith linn é seo a dhéanamh trí thionscnamh a dhéanamh ar iomhá do thodhchaí na hÉireann atá muiníneach sa bhaile agus thar lear. Seasann Fine Gael do shaol dóchasach. Chun é seo a dhéanamh creidimid go gcaithfimid cáil idirnáisiúnta na hÉireann a chothú trí thacaíocht a thabhairt don Aontas Eorpach, agus cosaint a thabhairt do comhphobail trí forbairt réigiúnach agus trí thodchaí ár bpáistí a choiméad trí aire a thabhairt don timpeallacht.