Audit of Galway childcare facilities will identify where pinch points are – Kyne / Plean do shaoráidí cúraim leanaí de dhíth ar Ghaillimh – Kyne
30th March 2026 - Sean Kyne TD
A childcare infrastructure audit needs to be carried out in parts of Galway where parents are struggling to access childcare places, a Fine Gael Senator has said.
Senator Seán Kyne said there should be a particular focus on rural areas across the county.
“Childcare availability is a core part of a community’s infrastructure. If families can’t access childcare, they can’t work which then leads to knock-on impacts such as businesses unable to recruit and rural towns losing out.
“Galway County Council and the Department of Children should work together to ensure the services in Galway suit people’s needs. We need a clear picture of what public buildings already exist, what’s underused and what could be repurposed quickly and cost-effectively,” he said.
“The audit, together with the expressions of interest process underway at present would give a clear, real-time picture of the state of play in childcare provision.
“The Minister for Children has allocated €135m to provide extra places and while this is welcome, we will need more resources to deliver what is urgently needed in the sector,” Senator Kyne said.
“Crucially it would assess underused or vacant public buildings, including community centres, former council buildings or schools which are no longer in use. That information could be used to determine if they could be converted into modern, safe and affordable childcare facilities.
“Former Garda stations, vacant HSE buildings and unused classrooms have been successfully converted into early-years centres, after-school hubs and community childcare facilities,” he said.
“Similar approaches have been taken internationally where municipalities regularly audit public assets to support childcare expansion.
“Clifden and Oughterard are perfect examples of where demand is rising but suitable premises are scarce. An audit would give the facts, the options, and give a clear plan to support families and providers.”
=====
Ní mór iniúchadh a dhéanamh ar bhonneagar cúraim leanaí i gcodanna de Ghaillimh ina bhfuil tuismitheoirí ag streachailt le teacht ar áiteanna cúraim leanaí, a dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael.
Dúirt an Seanadóir Seán Kyne, iarrthóir Fhine Gael i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, gur cheart díriú ar cheantair thuaithe ar fud an chontae.
“Is croíchuid de bhonneagar pobail é infhaighteacht cúraim leanaí. Mura bhfuil teaghlaigh in ann teacht ar chúram leanaí, ní féidir leo dul ag obair, rud a bhfuil fo-iarsmaí ag baint leis mar nach mbíonn gnóthaí in ann foireann a earcú agus bíonn bailte tuaithe thíos leis.
“Ba cheart do Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus don Roinn Leanaí oibriú as lámha a chéile lena chinntiú go n-oireann na seirbhísí i nGaillimh do riachtanais daoine. Teastaíonn pictiúr soiléir uainn de na foirgnimh phoiblí atá ann cheana féin, cad iad na cinn nach bhfuil dóthain úsáide á mbaint astu agus cad iad na cinn a d’fhéadfaí a athchuspóiriú go tapa agus go costéifeachtach,” a dúirt sé.
“Dhéanfadh an t-iniúchadh sin, i dteannta an phróisis léirithe spéise atá ar bun faoi láthair, pictiúr soiléir fíor-ama a thabhairt ar an staid ina bhfuil soláthar cúraim leanaí.”
“Tá €135m leithdháilte ag an Aire Leanaí chun áiteanna breise a chur ar fáil agus, cé go bhfuil fáilte roimh an méid seo, mothaím go mbeidh gá le tuilleadh acmhainní chun an méid atá de dhíth go práinneach san earnáil a sheachadadh,” a dúirt an Seanadóir Kyne.
“Rud atá ríthábhachtach, dhéanfadh sé measúnú ar fhoirgnimh phoiblí nach bhfuil dóthain úsáide á mbaint astu nó atá folamh, lena n-áirítear ionaid phobail, iar-fhoirgnimh chomhairle nó scoileanna nach bhfuil in úsáid a thuilleadh. D’fhéadfaí an t-eolas sin a úsáid chun a chinneadh an bhféadfaí iad a thiontú ina saoráidí cúraim leanaí atá nua-aimseartha, sábháilte agus inacmhainne.”
“D’éirigh go geal le hiar-stáisiúin Ghardaí, foirgnimh fholmha de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) agus seomraí ranga nach raibh in úsáid a thiontú ina n-ionaid luathbhlianta, ina moil iarchúraim scoile agus ina saoráidí cúraim leanaí pobail,” a dúirt sé.
“Glacadh le cineálacha cur chuige den chineál céanna go hidirnáisiúnta, áit a ndéanann bardais iniúchadh rialta ar shócmhainní poiblí chun tacú le leathnú ar chúram leanaí.”
Dúirt an Seanadóir Kyne: “Is samplaí foirfe iad an Clochán agus Uachtar Ard de cheantair ina bhfuil an t-éileamh ag ardú ach ina bhfuil ganntanas áitreabh oiriúnach. Thabharfadh iniúchadh na fíricí agus na roghanna chun suntais, agus chuirfeadh sé plean soiléir ar fáil chun tacú le teaghlaigh agus le soláthraithe.”
Sean Kyne TD
Galway WestSeán Kyne is from Maigh Cuilinn, Co Galway on the outskirts of Galway City. Seán has previously served as a…
Related news
Transformative €12.6m investment in Galway Museum – Kyne / Infheistíocht bhunathraithe €12.6m i Músaem na Gaillimhe – Kyne
A major investment in Galway Museum is a landmark moment for tourism, culture and economic development for the city and…
20th May 2026Seán Kyne canvasses all four Galway islands in election race / Seán Kyne ag canbhásáil ar na ceithre oileán i nGaillimh sa rás toghcháin
With just days to go to voting in the Galway West bye-election, Fine Gael candidate Senator Seán Kyne has taken…
19th May 2026Galway Hooker needs to be given formal heritage status – Kyne / Is gá stádas foirmiúil oidhreachta a bhronnadh ar Húicéir na Gaillimhe – Kyne
The Government needs to grant national heritage status to the Galway Hooker, the iconic boat synonymous with life on Galway…
17th May 2026