Skip to main content

Family Resource Centre needed for North Connemara – Kyne / Gá Práinneach le hIonad Acmhainne Teaghlaigh i gConamara Thuaidh – Kyne

6th April 2026 - Sean Kyne TD

Clifden and north Connemara needs a dedicated community-based hub to support families, young people and vulnerable groups, a Fine Gael Senator has said.

 

Senator Seán Kyne, Fine Gael’s candidate in the Galway West bye-election said, “Clifden is a main service and socio-economic centre for Connemara. It faces a unique combination of demographic pressures, rural isolation and service gaps which make the case for a Family Resource Centre (FRC) compelling and overdue.”

 

“Clifden serves a vast rural and coastal region, yet many families must travel long distances for essential supports. A FRC would provide a local, accessible and community-owned space offering early intervention, family support, youth programmes and practical services for people of all ages.”

 

Data collated bv Senator Kyne shows there are significant challenges across Connemara.

 

Areas closer to Galway city such as Oughterard – which has a FRC – have grown in population, while Clifden and north Connemara have experienced population decline.

 

The region remains heavily reliant on seasonal and precarious employment in tourism, farming and the Coláistí Gaeilge sector.

 

“These figures show a region under pressure,” said Senator Kyne.

 

“Families are dealing with housing challenges, insecure work, long travel distances and limited access to services. A FRC would help address these issues in a coordinated, community-led way.”

 

A FRC in Clifden would provide support and wellbeing services, including parenting programmes and low-cost counselling; youth supports such as after-school programmes and targeted interventions for young people at risk.

 

Senator Kyne said the FRC model is already established in over 120 communities nationwide, yet only one exists across Connemara North Municipal District. He said Clifden would be a “perfect fit”, offering a non-stigmatising, walk-in hub where people can access support early.

 

“The need is clear, and the model is proven. It is time for Clifden and Connemara North to have the same level of community support that so many towns across Ireland already benefit from.

 

“There is a Programme for Government commitment to work to increase funding and expand the capacity and network of Family Resource Centres, and this is something I will engage on over the lifetime of this Government,” Senator Kyne concluded.

 


 

Tá mol tiomnaithe pobail de dhíth ar an gClochán agus ar Chonamara Thuaidh chun tacú le teaghlaigh, le daoine óga agus le grúpaí leochaileacha, a dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael.

 

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne, iarrthóir Fhine Gael i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, “Is príomhlárionad seirbhíse agus socheacnamaíoch é an Clochán do Chonamara. Tá brú déimeagrafach, aonrú tuaithe agus easnaimh i seirbhísí le feiceáil anseo ar bhealach ar leith, rud a fhágann go bhfuil an cás ar son Ionad Acmhainne Teaghlaigh (FRC) ríthábhachtach agus thar a bheith tráthúil.”

 

Freastalaíonn an Clochán ar cheantar ollmhór tuaithe agus cósta, ach fós féin caithfidh go leor teaghlaigh taisteal achair fhada chun teacht ar thacaíochtaí ríthábhachtacha. Chuirfeadh Ionad Acmhainne Teaghlaigh spás áitiúil, inrochtana ar fáil atá faoi úinéireacht an phobail, a thairgfeadh luathidirghabháil, tacaíocht do theaghlaigh, cláir don óige agus seirbhísí praiticiúla do dhaoine de gach aois.

 

Léiríonn sonraí atá bailithe ag an Seanadóir Kyne go bhfuil dúshláin shuntasacha le sárú ar fud Chonamara. Tá fás tagtha ar an daonra i gceantair atá níos gaire do chathair na Gaillimhe, amhail Uachtar Ard – áit a bhfuil Ionad Acmhainne Teaghlaigh cheana féin – ach tá laghdú tagtha ar an daonra sa Chlochán agus i gConamara Thuaidh.

 

Tá an réigiún fós ag brath go mór ar fhostaíocht shéasúrach agus neamhchinnte san earnáil turasóireachta, san fheirmeoireacht agus in earnáil na gColáistí Gaeilge.

 

“Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil an réigiún faoi bhrú,” a dúirt an Seanadóir Kyne. “Tá teaghlaigh ag déileáil le dúshláin tithíochta, fostaíocht neamhchinnte, achair fhada taistil agus rochtain theoranta ar sheirbhísí. Chabhródh Ionad Acmhainne Teaghlaigh leis na ceisteanna seo a réiteach ar bhealach comhordaithe, faoi stiúir an phobail.

 

“Chuirfeadh Ionad Acmhainne Teaghlaigh sa Chlochán seirbhísí tacaíochta agus folláine ar fáil, lena n-áirítear cláir tuismitheoireachta agus comhairleoireacht ar chostas íseal; tacaíochtaí don óige, ar nós cláir iarbhscoile agus idirghabhálacha spriocdhírithe do dhaoine óga atá i mbaol.”

 

Dúirt an Seanadóir Kyne go bhfuil múnla na n-Ionad Acmhainne Teaghlaigh bunaithe cheana féin i mbreis agus 120 pobal ar fud na tíre, ach nach bhfuil ach ceann amháin acu i gCeantar Bardasach Chonamara Thuaidh. Dúirt sé go mbeadh an Clochán thar a bheith oiriúnach don tionscnamh seo, mar mhol do dhaoine ar féidir leo siúl isteach ann gan aon náire chun tacaíocht a fháil go luath.

 

“Tá an gá soiléir agus tá an múnla seo cruthaithe. Tá sé thar am go mbeadh an leibhéal céanna tacaíochta pobail ag an gClochán agus ag Conamara Thuaidh agus atá ag an oiread sin bailte eile ar fud na hÉireann cheana féin.

 

“Tá tiomantas i gClár an Rialtais oibriú chun maoiniú a mhéadú agus chun cumas agus líonra na n-Ionad Acmhainne Teaghlaigh a leathnú, agus is rud é seo a mbeidh mé ag plé leis le linn shaolré an Rialtais seo,” a dúirt an Seanadóir Kyne mar fhocal scoir.