Skip to main content

Survey and plan needed to fell ash dieback – Kyne/Suirbhé agus plean de dhíth chun crainn a bhfuil galar mheathlú na fuinseoige orthu a leagadh – Kyne

14th April 2026 - Sean Kyne TD

A survey of ash trees and felling plan needs to be carried out in Galway, a Fine Gael Senator has said.

Senator Seán Kyne, Fine Gael’s candidate in the Galway West bye-election said, “Large parts of Galway contain extensive ash hedgerows and roadside trees that are now showing signs of ash dieback. In many cases these trees are becoming structurally unsafe and are a risk to road users, farmers and communities.”

He said a structured survey needs to be carried out by Galway County Council, in cooperation with landowners and State agencies.

Senator Kyne said it would allow the county and local authority to properly identify the scale of the challenge and plan an effective response.

“We need a county-level survey to map the extent of ash dieback and identify trees that post an immediate or medium-term safety risk. Once that information is available, a prioritised felling programme can be put in place, so the most dangerous public-facing trees are addressed first.”

Senator Kyne highlighted the pressures facing landowners who are dealing with ash dieback on their properties.

“Farmers and landowners are facing significant costs and practical difficulties where infected trees are removed. Any response needs to recognise this reality and ensure there is clear guidance, coordination and where possible support to manage the issue safely.”

He said proactive planning now will help avoid more serious safety risks in the years ahead.

“A planned and prioritised approach will ensure resources are used effectively and the greatest risks to public safety are addressed first. We need to move from a reactive approach to a countywide plan.”

//////

Ní mór suirbhé ar chrainn fhuinseoige agus plean leagtha a dhéanamh i nGaillimh, a dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne, iarrthóir de chuid Fhine Gael i bhfothoghchán na Gaillimhe Thiar, “Tá fálta sceach fuinseoige fairsinge agus crainn chois bóthair i gcodanna móra den Ghaillimh a bhfuil comharthaí de mheathlú na fuinseoige le feiceáil orthu anois. I mórán cásanna, tá na crainn seo ag éirí neamhshábháilte ó thaobh struchtúir de agus is baol iad d’úsáideoirí bóithre, d’fheirmeoirí agus do phobail.”

Dúirt sé gur gá suirbhé struchtúrtha a bheith curtha i gcrích ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar le húinéirí talún agus le gníomhaireachtaí Stáit.

Dúirt an Seanadóir Kyne go gceadódh sé seo don chontae agus don údarás áitiúil scála an dúshláin a aithint i gceart agus freagra éifeachtach a phleanáil.

“Tá suirbhé ar leibhéal an chontae de dhíth orainn chun méid mheathlú na fuinseoige a mhapáil agus chun crainn a aithint a bhfuil baol sábháilteachta láithreach nó meántéarmach ag baint leo. Nuair a bheidh an t-eolas sin ar fáil, is féidir clár leagtha tosaíochta a chur i bhfeidhm, ionas go dtabharfar aghaidh ar na crainn is contúirtí atá os comhair an phobail ar dtús.”

Tharraing an Seanadóir Kyne aird ar na brúnna atá roimh úinéirí talún atá ag déileáil le meathlú na fuinseoige ar a gcuid réadmhaoine.

“Bíonn costais shuntasacha agus deacrachtaí praiticiúla roimh fheirmeoirí agus úinéirí talún nuair a bhaintear crainn atá ionfhabhtaithe. Ní mór d’aon fhreagra an réaltacht sin a aithint agus a chinntiú go bhfuil treoir shoiléir, comhordú agus tacaíocht, nuair is féidir, ar fáil chun an cheist a bhainistiú go sábháilte.”

Dúirt sé go gcabhróidh pleanáil réamhghníomhach anois le rioscaí sábháilteachta níos tromchúisí a sheachaint sna blianta amach romhainn.

“Cinnteoidh cur chuige pleanáilte agus tosaíochta go mbainfear úsáid éifeachtach as acmhainní agus go dtabharfar aghaidh ar na rioscaí is mó do shábháilteacht an phobail ar dtús. Ní mór dúinn bogadh ó chur chuige freasrach go plean ar fud an chontae.”