Skip to main content

BER standards need to be more objective – Kyne / Ní mór do chaighdeáin RFF a bheith níos cuspóirí – Kyne

20th April 2026 - Sean Kyne TD

Work is needed by the Sustainable Energy Authority of Ireland (SEAI) to reform the Building Energy Rating (BER) system, while grants should be increased significantly, a Fine Gael Senator has said.

Senator Seán Kyne said: “The BER system as it currently stands has a fundamental credibility problem. Two assessors can visit the exact same home and potentially arrive at two different ratings, simply because the system relies heavily on default values and assessor judgement when documentation isn’t available.

“Its not an objective standard and means that homeowners end up paying the price for it.”

He highlighted the current SEAI methodology, where a homeowner can’t produce documentation of upgrades or original construction specifications, the assessor is required to fall back on default values based on the age and type of property.

It means homeowners who have carried out genuine improvements but lack paperwork may get an artificially low rating.

“If you carried out insultation works years ago but can’t find the invoice, then the assessor will default to conservative assumptions about your home’s energy performance. You could end up with a rating that doesn’t reflect the reality of your home. That’s deeply unfair and it undermines public confidence in the entire system.

“We need to move toward a system where the rating is determined by what is actually in the building, not merely based on the paperwork which is available on the day. The SEAI need to update its methodology to reflect modern standards.”

Senator Kyne called for a substantial increase in grants available to homeowners under the SEAI’s retrofit schemes, arguing the current levels are insufficient to incentivise the scale of works which are needed.

“The available grants don’t go far enough, particularly older properties in rural areas which require deep retrofits and face the highest costs. We need to be ambitious with the grant levels. Increasing them along with better financing options and a BER system we can trust will drive uptake.”

He said in Galway West there is an acute issue where a large proportion of housing stock require a lot of retrofitting to bring it to modern standards.

“In Galway West we have a lot of homes without access to the gas network and dependent on oil or solid fuel heating, with poor insulation.

“These households need retrofits urgently. The State needs to make the system easier and more affordable.”

===== 

Ní mór d’Údarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann (SEAI) obair a dhéanamh chun córas na Rátála Fuinnimh Foirgnimh (RFF) a athchóiriú, agus ba cheart méadú mór a dhéanamh ar dheontais, a dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne: “Tá fadhb bhunúsach inchreidteachta ag córas RFF mar atá sé faoi láthair. Is féidir le beirt mheasúnóirí cuairt a thabhairt ar an teach céanna agus teacht ar dhá rátáil dhifriúla, go simplí toisc go mbraitheann an córas go mór ar réamhluachanna agus ar bhreithiúnas an mheasúnóra nuair nach mbíonn cáipéisíocht ar fáil.”

“Ní caighdeán cuspóiriúil é, rud a chiallaíonn go mbíonn ar úinéirí tí an praghas a íoc sa deireadh.”

Tharraing sé aird ar mhodheolaíocht reatha an SEAI; nuair nach féidir le húinéir tí cáipéisíocht a chur ar fáil maidir le huasghráduithe nó le sonraíochtaí bunaidh tógála, bíonn ar an measúnóir dul i muinín réamhluachanna atá bunaithe ar aois agus ar chineál na maoine.

Ciallaíonn sé go mb’fhéidir go bhfaigheadh úinéirí tí a rinne fíorfheabhsuithe, ach nach bhfuil an páipéarachas acu, rátáil atá íseal go saorga.

“Má rinne tú oibreacha inslithe blianta ó shin ach mura bhfuil teacht agat ar an sonrasc, glacfaidh an measúnóir le toimhdí coimeádacha maidir le feidhmíocht fuinnimh do thí mar réamhshocrú. D’fhéadfadh rátáil a bheith agat nach léiríonn réaltacht do thí. Tá sé sin thar a bheith éagórach agus cuireann sé isteach ar mhuinín an phobail sa chóras iomlán.”

“Ní mór dúinn bogadh i dtreo córais ina gcinntear an rátáil de réir na rudaí atá sa bhfoirgneamh i ndáiríre, seachas a bheith bunaithe go hiomlán ar an bpáipéarachas atá ar fáil ar an lá. Ní mór don SEAI a mhodheolaíocht a thabhairt chun dáta chun caighdeáin nua-aimseartha a léiriú.”

D’iarr an Seanadóir Kyne go ndéanfaí méadú suntasach ar na deontais atá ar fáil d’úinéirí tí faoi scéimeanna iarfheistithe an SEAI, agus é ag maíomh nach leor na leibhéil reatha chun spreagadh a thabhairt don scála oibre atá ag teastáil.

“Ní théann na deontais atá ar fáil fada go leor, go háirithe i gcás maoine níos sine i gceantair thuaithe a dteastaíonn iarfheistiú domhain uathu agus a bhfuil na costais is airde i gceist leo. Ní mór dúinn a bheith uaillmhianach maidir le leibhéil na ndeontas. Má mhéadaítear iad, mar aon le roghanna maoinithe níos fearr agus córas RFF ar féidir linn muinín a bheith againn as, spreagfar níos mó daoine chun tabhairt faoin obair seo.”

Dúirt sé go bhfuil géarfhadhb i nGaillimh Thiar, mar a bhfuil sciar mór de na tithe a dteastaíonn neart iarfheistithe uathu chun iad a thabhairt suas chun dáta le caighdeáin nua-aimseartha.

“I nGaillimh Thiar, tá neart tithe againn nach bhfuil teacht acu ar an ngréasán gáis agus atá ag brath ar ola nó ar théamh breosla sholadaigh, mar aon le droch-insliú.”

“Tá géarghá le hiarfheistithe ag na teaghlaigh seo. Ní mór don Stát an córas a dhéanamh níos éasca agus níos inacmhainne.”