Fáilte roimh an gcinneadh gan Gaelscoil Laighean a athlonnú – Ward
Fanfaidh an scoil i gcóiríocht sealadach go dtí go bhfuil cóiríocht oiriúnach bunaithe laistigh d’abhantrach na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair
11th June 2021 - Barry Ward TD
Tá fáilte curtha ag Seanadóir Fhine Gael roimh chinneadh na Roinne Oideachais gan Gaelscoil Laighean a athlonnú, go sealadach, go suíomh mí-oiriúnach in Ascaill Eblana i nDún Laoghaire.
Ag labhairt tar éis an fhógra, dúirt an Seanadóir Barry Ward: “Tá sé tharr barr a fhoghlaim gur éist an Roinn leis an gcomhphobal scoile agus gur bheartaigh siad gan Gaelscoil Laighean a athlonnú, ar bhonn sealadach, go foirgneamh atá go hiomlán mí-oiriúnach i nDún Laoghaire. Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil Laighean freastail ar comhphobal na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair: tá Dún Laoghaire lasmuigh dá habhantrach agus moladh seafóideach a bhí ann í a bhogadh go Ascaill Eblana.
“Tá an cheist seo ardaithe agam leis An tAire Oideachais, Norma Foley TD, i Seanad Éireann níos mó na uair amháin, i scríbhinn, go pearsanta agus i gceist pharlaiminte. Tá ríméad orm a fheiceáil gur éist sí leis na hargóintí agus go ndearna sí an cinneadh ciallmhar seo a mbeidh fáilte curtha roimhe ag tuismitheoirí, daltaí, múinteoirí agus an comhphobal scoile ar fad.”
Ritheadh pobalbhreith sa bhliain 2018, mar fhreagra ar riachtanas a bhí aimsithe sa daonáireamh deireanach do bhunscoil nua i gceantar na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair, a léirigh an-tacaíocht do Ghaelscoil neamh-shainchreidmheach. Bunaíodh Gaelscoil Laighean ar Lána na Cille i Mí Meán Fómhair 2019, i gcóiríocht sealadach, agus tá an-rath uirthi ach ní cóiríocht fad-téarmach atá ann.
“Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an cinneadh seo a dhéanamh. Toisc gur féidir linn a bheith cinnte anois go bhfanfaidh Gaelscoil Laighean in abhantrach na Carraige Duibhe-Bhaile an Bhóthair, caithfimid tús áite a thabhairt do chóiríocht bhuan fad-téarmach a aimsiú laistigh den cheantar sin, agus riachtanais dhaltaí agus thuismitheoirí na scoile a chur san áireamh”, a chríochnaigh an Seanadóir Ward.
Barry Ward TD
Dún LaoghaireBarry was elected as a member of Dáil Éireann in November, 2024. Prior to that, Barry served as a Senator,…
Related news
More support needed for those living with dietary issues – Ward
The current system of supports for those with coeliac disease is unfair and excludes many who need help with the…
27th May 2026New poll reveals public is strongly pro-EU, but disconnect must be addressed – Ward
An education campaign to demonstrate how EU membership benefits Ireland and its citizens would give people a greater understanding about…
6th May 2026Juvenile antisocial behaviour grey area for Gardaí – Ward
A growing gap in Garda powers to deal with juvenile antisocial behaviour needs to be addressed, a Fine Gael TD…
25th April 2026