Skip to main content

Ní mór do RTÉ a tiomantas don Ghaeilge a léiriú níos fearr – Kyne

10th March 2022 - Senator Sean Kyne

Is í Seachtain na Gaeilge an t-am is fearr do RTÉ tiomantas athnuaite don Ghaeilge a léiriú, a dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael.

Ag labhairt dó sa Seanad le linn díospóireachta ar Sheachtain na Gaeilge, dúirt an Seanadóir Kyne, atá ina urlabhraí ar an nGaeilge sa Seanad ag Fine Gael,  toisc go bhfuil freagracht ar RTÉ mar an craoltóir náisiúnta i leith cainteoirí Gaeilge agus gach duine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge.

“D’ainneoin sárobair RTÉ Raidio na Gaeltachta–a cheiliúrann 50 bliain ar an aer an mhí seo chugainn–tá ag teip ar RTÉ i réimsí eile, ar nós na teilifíse agus ar líne, maidir leis an nGaeilge.

“Uaireanta, is cosúil go bhfuil dearcadh ann gur ról do TG4 amháin é ábhar Gaeilge a chur ar fáil. Ní hamhlaidh atá agus tá dualgas ar RTÉ don pobal ar fad –cainteoirí Gaeilge chomh maith le cainteoirí Béarla.

“Deir RTÉ gurb í an fhís atá acu ná ‘cultúr na hÉireann a chur chun cinn trí lucht féachana a mhealladh le hábhar iontaofa, tarraingteach agus dúshlánach, éagsúlacht shaibhir ár dtíre a cheiliúradh agus tallann na hÉireann a chothú’. Tá an Ghaeilge lárnach dár gcultúr agus tá sí mar chuid d’éagsúlacht shaibhir ár dtíre agus dá bhrí sin ní mór í a chur san áireamh i bhfís RTÉ. “Cé go bhfuil gá le hathruithe níos fadtéarmaí in RTÉ, tá roinnt céimeanna nithiúla ann freisin a d’fhéadfadh RTÉ a ghlacadh anois chun a tiomantas athnuaite don Ghaeilge a léiriú agus chun cabhrú lena úsáid agus lena infheictheacht sa ghnáthshaol a mhéadú.

“Ar dtús, ní mór nasc chuig an leathanach ‘nuacht’ ar RTE.ie a chur go díreach taobh leis an nasc an leathanach ‘news’. Ar an gcaoi chéanna, ar an aip RTE News, ba cheart go mbeadh an leathanach tuirlingthe ‘nuacht’ mar rogha díreach tar éis an leathanaigh tuirlingthe ‘news’.  Faoi láthair, caithfidh tú dul ar chlé seacht n-uaire chun é a bhaint amach. Ní comhionannas é sin.

“Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí athrú beag ach tionchar a bheith aige ar chainéal RTÉ News Now ar an teilifís trí  an nuacht is déanaí in aghaidh na huaire ‘as Gaeilge’ a chur ar fáil.

“Níl anseo ach dhá shampla de na céimeanna a d’fhéadfadh RTÉ a thógáil chun a tiomantas don Ghaeilge a léiriú agus leis sin, ag comhlíonadh a ról mar chraoltóir seirbhíse poiblí,” a dúirt an Seanadóir Kyne.

Stay Up To Date With Fine Gael