Skip to main content

Óráid an Taoisigh ag Seoladh Plean Gníomhaíochta Meáin Ghaeilge RTÉ 2015-2019

1st September 2015 - Susan Moss

Tá mé thar a bheith sásta a bheith i bhur láthair anseo inniu.

Is ócáid speisialta í seo ina bhfuil cur chuige iomlán nua á léiriú ag RTÉ i leith na Gaeilge.

Tá na forbairtí seo fréamhaithe sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá mar chloch coirnéil do pholasaí an Rialtais sa réimse seo. Agus mé mar chathaoirleach ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, bhí plé ann ag cruinnithe den Choiste Rialtais a bhí dírithe ar fhorbairtí a bhí ag teacht chun cinn sna meáin chumarsáide.

Mar an craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí, tá RTÉ ag cur na Gaeilge chun cinn le fada an lá le seirbhísí ar nós Raidió na Gaeltachta, Nuacht agus Cláracha Gaeilge Teilifíse, chomh maith leis an tseirbhís nua nuachta Gaeilge ar an aip News Now. Is seirbhísí iad seo a bhfuil lucht éisteachta agus lucht féachana dílis, láidir acu.

Ach tá cur chuige nua á fhógairt ag RTÉ inniu, is é sin go mbeidh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de chuile shórt a dhéanann RTÉ. Is cur chuige é seo atá ag teacht leis an Sraitéis 20 Bliain don Ghaeilge ina ndeirtear go ndéanfaidh RTÉ normalú ar úsáid na Gaeilge sa chaoi is go mbeidh an teanga fite fuaite ar fud a chuid ardán go léir.

Tuigim go bhfuil cuid den obair sin ar bun cheana féin sa chraoladh a dhéanann RTÉ do leanaí ar RTÉjr. Tá sé fíor-thábhachtach go ndéanfar chuile iarracht daoine óga a thabhairt linn ó thaobh na Gaeilge de, go háirithe nuair a bhreathnaíonn tú ar líon na ndaoine óga atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge.

Tugaim faoi dearadh ón bPlean Gníomhaíochta de chuid RTÉ go bhfuil moltaí go leor ann i leith seirbhísí do dhaoine óga, le leithéidí 2fm agus Raidió na Gaeltachta ag obair as lámha a chéile, agus le sraith shuntasach de thograí digiteacha, a thugann san áireamh foghlaimeoirí freisin.

Is forbairt mhór atá ann go mbeidh tú in ann do thráchtaireacht teilifíse a fháil i nGaeilge nó i mBéarla do chluichí ceannais na hÉireann ón Domhnach seo chugainn ar aghaidh.

Léiríonn an méid a dhéanann RTÉ ar leithéidí RTÉjr agus le linn Seachtain na Gaeilge an deis agus an chumhacht atá ag RTÉ ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn. Tá mé thar a bheith sásta a fheiceáil go bhfuil RTÉ chun an deis sin a thapú ar bhealach níos réamhghníomhaí agus níos cuimsithí ná mar a dearnadh riamh cheana.

Ceann de na rudaí a thugann dóchas dom maidir leis an gcur chuige atá ag RTÉ i leith an Phlean Gníomhaíochta Gaeilge ná nach togra aonair atá ann ach go mbeidh RTÉ ag obair i gcomhar le heagraíochtaí eile chun an plean a chur i gcrích, mar shampla i gcomhar leis na ceann-eagraíochtaí Gaeilge, na hinstitiúidí tríú leibhéal, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is fíor an seanfhocal, ‘ní neart go cur le chéile’ agus tá toradh an chomhoibrithe agus na comhpháirtíochta le sonrú sa Phlean Gníomhaíochta.

Cé go bhfuilimid ag tabhairt aird ach go háirithe ar Phlean Gníomhaíochta Gaeilge RTÉ inniu, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuilimid ag lainseáil scéim Ghaeilge RTÉ freisin a bhaineann lena chuid dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Mar fhocal scoir, tá sé ceart agus cóir, i bhfianaise gurb é RTÉ an craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí, go mbeadh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de chur chuige na heagraíochta. Molaim go hard an cur chuige nua seo atá beartaithe ag RTÉ. Is cinnte go gcuirfidh sé go mór leis an nGaeilge mar theanga labhartha atá mar chuid de shochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Stay Up To Date With Fine Gael