Skip to main content

Protected emergency corridor would save lives in Galway – Kyne / D’fhéadfaí saolta a tharrtháil i nGaillimh le conair chosanta éigeandála – Kyne

23rd March 2026 - Sean Kyne TD

A protected emergency corridor in Galway to ensure faster access for ambulances travelling to and from University Hospital Galway (UHG) is needed, a Fine Gael Senator has said.

Senator Seán Kyne said, “Every second counts. We can’t allow ambulances to sit in traffic. Galway is growing and our hospital is under pressure.

“We need to adopt every modern tool available to protect patients.”

He said a protected corridor supported by smart traffic lights which are already used in parts of the UK and US would save lives and reduce the strain on frontline staff.

Smart traffic management systems are already widely deployed internationally. Cities such as London, Manchester and Birmingham in Britain use ‘Emergency Vehicle Priority’ (EVP) systems which detect approaching ambulances and automatically switch traffic lights to green, clearing junctions.

In US states such as California, Minnesota and Florida, there is pre-emption technology which gives priority to emergency vehicles at intersections, with some cities reporting reductions in response times of up to 25pc after implementation.

Glasgow in Scotland has a system which integrates GPS-equipped emergency vehicles with traffic signals, allowing the network to adapt instantly to create a clear path.

Senator Kyne said Galway could benefit from similar systems in areas such as the Newcastle Road, Seamus Quirke Road and the Quincentenary Bridge where congestions regularly delay emergency vehicles.

“The technology exists”, he said. “It’s been proven this is already saving lives in Britain and America. Galway should be leading the way in Ireland by adopting a system which ensures ambulances can reach UHG without delay and crucially, in a safe manner.

“We all know about Galway’s traffic congestion. Let’s use the technology available to save lives and improve health outcomes in Galway. We can show the way for the rest of the country on this,” Senator Kyne said.

Senator Kyne’s proposal would involve installing smart traffic light signals capable of detecting emergency vehicles, creating a designated emergency traffic corridor during critical incidents, integrating GPS-based priority systems with the existing traffic network, and co-ordinating with the National Ambulance Service and Galway City Council.

“This is a practical solution that can be delivered quickly. This uses technology to effectively support emergency services and improve outcomes for patients,” Senator Kyne concluded.

====

Tá gá le conair chosanta éigeandála i nGaillimh chun rochtain níos tapúla a chinntiú d’otharchairr atá ag taisteal chuig Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh agus uaidh, a dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne:
“Tá gach soicind ríthábhachtach. Ní féidir linn ligean d’otharchairr a bheith fágtha ina suí sa trácht. Tá Gaillimh ag dul i méid agus tá ár n-ospidéal faoi bhrú.

“Ní mór dúinn gach uirlis nua-aimseartha atá ar fáil a ghlacadh chun othair a chosaint.”

Dúirt sé go sábhálfadh conair chosanta, le tacaíocht ó shoilse tráchta cliste atá in úsáid cheana féin i gcodanna den Ríocht Aontaithe agus de na Stáit Aontaithe, saolta agus go laghdódh sí an brú ar fhoireann na líne tosaigh.

Tá córais chliste bainistíochta tráchta in úsáid go forleathan go hidirnáisiúnta cheana féin. In an-chuid cathracha sa Bhreatain, mar shampla Londain, Manchain agus Birmingham, baintear úsáid as córais ‘Tosaíocht d’Fheithiclí Éigeandála’ (EVP). Aithníonn na córais seo otharchairr atá ag druidim leo agus athraíonn siad na soilse tráchta go glas go huathoibríoch, rud a réitíonn an bealach ag crosbhóithre.

I gceantair sna Stáit Aontaithe, amhail California, Minnesota agus Florida, tá teicneolaíocht ‘réamhghlactha’ ann a thugann tosaíocht d’fheithiclí éigeandála ag crosbhóithre.Tuairiscítear i gcathracha áirithe go bhfuil laghdú suas le 25 faoin gcéad ar amanna freagartha tar éis an teicneolaíocht seo a chur i bhfeidhm.

Tá córas in úsáid i nGlaschú na hAlban a nascann feithiclí éigeandála a bhfuil GPS orthu le comharthaí tráchta, rud a ligeann don ghréasán oiriúnú láithreach chun cosán soiléir a chruthú.

Dúirt an Seanadóir Kyne go bhféadfadh Gaillimh leas a bhaint as córais den chineál céanna ar Bhóthar an Chaisleáin Nua, ar Bhóthar Shéamais Uí Chuirc agus ar Dhroichead na gCúig Céad Bliain, áiteanna ina gcuireann plódú moill ar fheithiclí éigeandála go rialta.

“Tá an teicneolaíocht ann,” a dúirt sé. “Tá sé cruthaithe go bhfuil sí ag sábháil saolta cheana féin sa Bhreatain agus i Meiriceá. Ba chóir go mbeadh Gaillimh chun tosaigh in Éirinn trí chóras a ghlacadh a chinntíonn gur féidir le hotharchairr Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh a bhaint amach gan mhoill agus, rud atá ríthábhachtach, ar bhealach sábháilte.

“Tá eolas ag an saol mór ar phlódú tráchta na Gaillimhe. Bainimis úsáid as an teicneolaíocht atá ar fáil chun saolta a shábháil agus chun torthaí sláinte a fheabhsú i nGaillimh. Is féidir linn an bealach a léiriú don chuid eile den tír maidir leis an méid seo,” a dúirt an Seanadóir Kyne.

D’úsáidfeadh togra an tSeanadóra Kyne suiteáil comharthaí tráchta cliste atá in ann feithiclí éigeandála a bhrath, conair thráchta éigeandála ainmnithe a chruthú le linn eachtraí criticiúla, córais tosaíochta bunaithe ar GPS a chomhtháthú leis an ngréasán tráchta atá ann cheana, agus comhordú a dhéanamh leis an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr agus le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

“Is réiteach praiticiúil é seo ar féidir a sheachadadh go tapa. Baineann sé úsáid as teicneolaíocht chun tacú go héifeachtach leis na seirbhísí éigeandála agus chun torthaí d’othair a fheabhsú,” a dúirt an Seanadóir Kyne mar fhocal scoir.