NÍOS MÓ POSTANNA AGUS POSTANNA NÍOS FEARR
Scrios Fianna Fáil 300,000 post sna blianta deiridh dóibh sa Rialtas. Tá os cionn 135,000 níos mó daoine ag obair ó sheol muid ár bPlean Gnímh do Phoist. Tá sé i gceist againn 200,000 post breise a chur leis sin faoi 2020, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó daoine ná riamh ag obair lena n-áirítear 70,000 duine dár dteaghlaigh agus dár gcairde a bheidh ag filleadh abhaile le dul ag obair.
Teastaíonn uainn go mbainfidh gach teaghlach sa tír leas as an téarnamh. Spriocanna uaillmhianacha iad sin, ach is féidir iad a bhaint amach leis na beartais chuí.
Déanfaimid an méid seo a leanas má thoghtar arís muid:
- Tacaíocht do réigiúin trí mhaoiniú agus daoine a chur ar fáil ionas gur féidir leo a bPleananna Fostaíochta oiriúnaithe féin a fhorbairt.
- Infheistíocht €42 billiún i mbonneagar, múnlaithe ag straitéisí fostaíochta réigiúnacha soiléire, chun dífhostaíocht a laghdú go dtí faoi bhun 7% i ngach réigiún sa tír.
- Rolladh amach straitéisí fáis earnála maidir le bia, talmhaíocht, turasóireacht, seirbhísí airgeadais, eitlíocht agus iompar.
- 50,000 áit phrintíseachta agus oiliúna chun tacú le hearnálacha nua agus fáis an gheilleagair.
- Deireadh le hidirdhealú cánach i gcoinne daoine féinfhostaithe.
- Cánacha ar ghnólachtaí nuathionscanta a laghdú chun níos mó fiontraíochta a spreagadh.
- Ár ráta cánach corparáide 12.5% a chosaint, rud atá mar bhunchloch ag ár n-iomaíochas domhanda.
Related news
Firefighters shouldn’t be forced to retire at 62 if they’re fit to serve – Kennelly
Firefighters who are medically and physically fit should be allowed to keep working until the State pension age, a Fine…
4th July 2026Statement from the Tánaiste Simon Harris on the passing of David Andrews
I was very saddened to learn of the passing of David Andrews, the former Fianna Fáil TD and Minister for…
30th June 2026The GPO needs to be a place for every child to visit in school - Geoghegan
The Government needs to be bold in its redevelopment of the GPO for future generations, a Fine Gael TD has…
23rd June 2026